Na rudaí nach mór a bheith ar eolas agat faoi dhrugaí
Tá cúig phríomhchineál drugaí a fhéadfaidh giúmar agus iompar an duine a athrú. Tá an chuid is mó de na drugaí seo cuimsithe faoi dhlí ar a dtugtar an tAcht um Mí-úsáid Drugaí.
- Dúlagráin - amhail alcól, is féidir iad a úsáid leis an intinn a shuaimhniú, le faoiseamh a thabhairt ón imní agus d’fhéadfaí go mbeadh codlatacht mar thoradh orthu
- Támhacháin agus mionsuaimhneasáin lena n-áirítear na drugaí beinsidé-asaipín, amhail Valium. Ordaítear na drugaí seo go minic le daoine a chur ar a suaimhneas nó le cuidiú leo codladh san oíche. Bíonn na hiarmhairtí ginearálta céanna acu a bhíonn ag dúlagráin ach éiríonn andúil mar gheall orthu ar bhealach eile
- Codlaidínigh - tugtar anailgéisigh thámhshuanacha orthu fosta, is pianmhúcháin láidre iad a thugann mothúcháin eofóiria (sonas) agus codlatachta. Áirítear ar na codlaidínigh moirfín, hearóin agus meatadón
- Spreagthaigh - mothaíonn daoine níos bríomhaire, níos airdeallaí, níos fuinniúla agus níos muiníní leis na drugaí seo. Áirítear ar dhrugaí spreagthacha cóicín agus amfataimíní
- Siabhraiginí - bíonn físeanna aisteacha agus diana mar iarmhairt ar na drugaí seo ar a dtugtar siabhránacht. Áirítear ar na drugaí seo LSD (aigéad) agus beacáin draíochta.
Díoltar siabhráin dhleathacha, mar a thugtar orthu, i siopaí agus ar an idirlíon. Tá níos mó ná 200 de na drugaí seo, agus meastar iad a bheith dleathach díreach mar nach bhfuil cosc orthu fós. Tá éifeachtaí na ndrugaí seo cosúil leo sin atá ag na drugaí neamhdhleathacha sna cúig phríomhchatagóirí thíos. Substaintí támhshuanacha agus sícighníomhacha atá iontu agus is féidir leo a bheith andúile.
Déanann an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí grúpáil ar dhrugaí atá bunaithe ar a n-úsáideacht agus air sin atá ag teastáil chun a n-úsáid a rialú. Mar shampla, cuimsíonn drugaí atá liostáilte faoi sceideal a haon nach bhfuil aon úsáid leighis acu – drugaí cosúil le LSD agus ‘drugaí dearthóra’ cosúil le heacstais.
Tá an córas seo difriúil ón chóras sa Ríocht Aontaithe áit a gcuirtear drugaí i ngrúpaí bunaithe ar aicmí (A, B, C) de réir mar a théann an dlí i ngleic leo.