Skip Navigation

Cineálacha Drugaí

Siabhráin dhleathacha agus neamhdhleathacha

Siabhráin dhleathacha agus neamhdhleathacha

‘Siabhráin dhleathacha nó neamhdhleathacha’ nó ‘siabhráin luibhe’ –seo roinnt de na hainmneacha a thugtar do shubstaintí sícighníomhacha (drugaí) a d’fhéadfadh a bheith ar díol in Éirinn i siopaí a dhíolann táirgí a bhaineann le drugaí (siopaí siabhráin, siopaí cnáibe) nó i siopaí eile cosúil le siopaí gnéis nó parlúis tatuála. Is féidir iad a cheannach ar an idirlíon freisin. Díoltar na drugaí seo mar mhalairt ar dhrugaí cosúil le cannabas, eacstais, cóicín, LSD, amfataimíní agus hearóin.

Tá na céadta de na drugaí seo ar fáil, go bhfios dúinn. Áirítear leo seo drugaí a fheidhmíonn mar:

Drugaí luibhe atá i roinnt acu seo, is é sin le rá gur dearnadh as planda iad. Tá roinnt eile acu sintéiseach, rud a chiallaíonn gur de dhéantús an duine iad agus gur dearnadh as ceimiceáin iad. Meascán de tháirgí luibhe agus sintéiseacha an chuid is mó acu.

Substaintí sícighníomhacha na drugaí seo ar fad. Is é sin le rá go n-athraíonn siad an bealach a smaoiníonn tú, a n-airíonn tú agus an chaoi a n-iompraíonn tú tú féin. Is deacair a rá cén éifeacht a bheidh acu ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus tá an chontúirt ann go bhfágfaí duine ina andúileach.

Ní do thomhaltas an duine

Is é ‘ní do thomhaltas an duine' an lipéad ar do leor de na drugaí seo atá ar díol. Is féidir leo sin a dhíolann agus a sholáthraíonn na drugaí sin bealach timpeall ar an dlí a fháil ar an gcaoi sin agus an fhreagracht as aon drochthoradh nó riosca a sheachaint. Tá úsáideanna dlisteanacha ag roinnt drugaí san earnáil thionsclaíoch agus cúraim ainmhithe.

Níor tástáladh aon cheann de na drugaí seo ar dhaoine chun a sábháilteacht a mheas. Níl aon eolas againn faoi na héifeachtaí meántéarmacha nó fadtéarmacha a bhaineann le húsáid na ndrugaí seo. D'fhéadfadh fo-iarmhairtí díobhálacha a bheith ag roinnt acu, nó acu ar fad.

Tá siad in ann a bheith nimhiúil don duine, agus tá substaintí 'nádúrtha' nó 'luibhe' fiú in ann a bheith ina n-údár do dhamáiste cosúil le cliseadh duánach, támhnéal nó fiú an bás féin.


Cannabas

Ar na hainmneacha béarlagair tá Hash, Blow, Shit, Dope, Grass, Weed.



Is planda nádúrtha é an cannabas agus úsáidtear é i dtrí phríomhfhoirm. Tugtar roisín ar an chineál is coitianta, a bhíonn i gcruth cnaip nó bloic dhorcha. Ní bhíonn duilleoga agus gais an phlanda chomh coitianta céanna, ar a dtugtar grass nó weed. Is annamh a bhíonn an tríú cineál, ola cannabais, le feiceáil in Éirinn.

Rolltar cannabas le tobac de ghnáth i joint nó i spliff agus caitear é, ach is féidir é a chócaráil fosta agus é a ithe.

Iarmhairtí – Nuair a bhíonn daoine stoned le cannabas, mothaíonn siad ar a suaimhneas, agus bíonn siad cainteach agus sona. Ceapann daoine áirithe go dtagann moill ar an am agus deir siad go mbíonn níos mó tuisceana acu ar dhathanna, ar fhuaimeanna agus ar bhlasanna. D’fhéadfaí aimirní láidre a fháil, rud ar a dtugtar na ‘munchies’.

Fo-iarmhairtí – D’fhéadfaí go mbeadh éifeacht ag an channabas ar do chuimhne agus ar do mheabhair agus d’fhéadfaí go mbeadh tuirse ort agus easpa inspreagtha agat mar gheall air. Mura bhfuil taithí agat ar channabas nó má úsáideann tú cineál atá níos láidre ná an ceann a bhfuil taithí agat air d’fhéadfaí go mbeadh imní, scaoll nó mearbhall ort. D’fhéadfadh siabhráin nó mearaíocht bheith mar iarmhairt.

Rioscaí – Measann a lán daoine cannabas a bheith measartha sábháilte. Léiríonn taighde áfach go bhféadfadh sé bheith deacair ar úsáideoirí fadtéarmacha an úsáid a bhaineann siad as an druga a rialú agus d’fhéadfaí go mbeadh andúil acu sa druga. Trí channabas a chaitheamh, méadaítear riosca an ghalair chroí agus na n-ailsí ar nós ailse scamhóg, agus d’fhéadfaí go mbeadh éifeacht ar an torthúlacht fosta. I gcás daoine a bhfuil bunfhadhbanna sláinte intinne acu, d’fhéadfaí go músclódh úsáid cannabais an scitsifréine. In Éirinn is é an dara druga is coitianta é a aimsítear i gcoirp thiománaithe atá faoi thionchar an óil, tar éis alcóil.


Eacstais

Ar na hainmneacha béarlagair tá E, Doves, Mitsubishis, Yokes, Shamrocks.

Déantar an eacstais i saotharlanna cúlsráide i roinnt tíortha san Eoraip de ghnáth. Díoltar go príomha mar tháibléid iad, táibléid ar a mbíonn lógónna nó dearaí éagsúla. Bíonn drugaí agus substaintí eile i dtáibléid eacstaise uaireanta fosta.

Iarmhairtí – Is féidir go mothaíonn úsáideoirí eacstaise níos airdeallaí agus go bhfuil siad ag teacht leis an saol atá timpeall orthu. Mothaíonn tú go sona suaimhneach agus bíonn mothúchán cairdis agat i leith daoine eile. Bíonn fuaimeanna, dathanna agus mothúcháin níos déine. Bíonn níos mó fuinnimh agat, rud a chuireann ar do chumas bheith ag damhsa ar feadh tréimhsí fada.

Fo-iarmhairtí – Is féidir go mbeidh ardú ar theocht na colainne, ar bhrú fola agus ar an chroí-ráta. Ar na hiarmhairtí fisiciúla eile tá pian sna matáin, masmas, strompaíocht sa ghiall agus díoscán fiacla. Bíonn roinnt úsáideoirí ag cur allais go trom, agus bíonn creathanna agus pamparnaigh acu freisin. Braitheann tú díhiodráitithe agus bíonn mearbhall agus tuirse ort.

Rioscaí – Tástáiltear an chuid is mó de dhrugaí dleathacha ar ainmhithe ar an chéad dul síos, ach is iad úsáideoirí eacstaise an chéad ghrúpa a dhéantar tástáil orthu. Tá taighde ann cheana féin a léiríonn go mbíonn cliseadh nó crash i lár na seachtaine ag daoine a bhaineann úsáid as an druga go rialta ag an deireadh seachtaine, rud a fhágann go mbíonn tuirse orthu agus dúlagar acu, ar feadh roinnt laethanta. D’fhéadfaí nach mbeadh na hiarmhairtí fadtéarmacha ar eolas againn go ceann blianta ach d’fhéadfaí go mbeadh roinnt úsáideoirí i mbaol fadhbanna sláinte intinne a fháil níos faide anonn sa saol. Is annamh a fhaigheann daoine bás mar gheall ar an eacstais, ach féadann goin teasa, taomanna croí nó taomanna plúchta a bheith mar chúis leis.


Hearóin

Ar na hainmneacha béarlagair tá Gear, Smack, Junk, H.

Hearóin

Déantar hearóin den mhoirfín, ar ceann de na drugaí a tháirgtear ón chodlaidín é. Úsáidtear í trína hinstealladh nó trína caitheamh, rud ar a dtugtar chasing the dragon.

Iarmhairtí – Má instealltar hearóin bíonn flosc tapa sceitimíní, agus mothúchán suaimhneach brionglóideach ina dhiaidh. Mothaíonn tú teolaí, suaimhneach agus codlatach. Bíonn laghdú ar phian, ar fhorrántacht agus ar an mhian gnéis.

Fo-iarmhairtí – Ar na fo-iarmhairtí a bhaineann le hearóin agus na codlaidínigh eile (amhail moirfín agus meatadón) tá iatacht agus análú níos laige. Baineann an chuid is mó de chontúirtí na hearóine le ró-dháileog agus le hinstealladh an druga.

Rioscaí – Is minic a bhíonn substaintí eile sa druga a dhíoltar ar an tsráid, mar shampla siúcra, plúr, talcphúdar nó drugaí eile. B’fhéidir nach bhfuil cosúlacht dhíobhálach ar na substaintí seo, ach má instealltar iad is féidir go ndéanfaidh siad dochar ollmhór don chorp, amhail téachtáin fhola, easpaí agus morgadh. Is féidir VEID agus heipitíteas B agus C a scaipeadh trí snáthaidí a roinnt. Is minic a bhíonn andúil sa hearóin mar thoradh ar úsáid rialta, go háirithe sa chás go n-instealltar í.

Úsáidtear meatadón mar dhruga athsholáthair chun andúil sa hearóin a chóireáil. Is leacht glas é, a ólann daoine uair amháin in aghaidh an lae leis an dúil sa hearóin a shárú. Is é an riosca is tromchúisí a bhaineann le meatadón ná bás de bharr ródháileoige.


Cóicín

Ar na hainmneacha béarlagair tá Coke, Charlie, Snow.

Cóicín

Is púdar bán é an cóicín a dhéantar de dhuilleoga an phlanda coca, a bhíonn ag fás i Meiriceá Theas den chuid is mó. Úsáidtear é de ghnáth tríd an phúdar a ion-análú aníos tríd an tsrón. Ní druga eile é ‘an cnagchóicín’ ach is foirm í ar mó an andúil a bhaineann leis. De ghnáth caitear an cnagchóicín, ar a dtugtar rock, stone nó free-base. Instealltar agus itear an cóicín uaireanta.

Iarmhairtí – Is spreagthach cumhachtach é an cóicín. Mothaíonn tú níos airdeallaí agus níos fuinniúla, agus ní bhíonn an oiread ocrais nó tarta ort. D’fhéadfaí na hiarmhairtí seo maireachtáil a fhad le 20 nóiméad i ndiaidh gach úsáide. Bíonn daoine a chaitheann cnagchóicín ar na ribí ar feadh tréimhse níos giorra, ach bíonn mothúcháin níos déine acu.

Fo-iarmhairtí – Mar gheall ar na hiarmhairtí cumhachtacha, is minic a bhíonn dúil ag úsáideoirí cóicín i níos mó de. D’fhéadfá a bheith traochta, imníoch agus faoi dhúlagar de bharr dáileog mór, agus ionsaitheach amanna eile.

Rioscaí – Má ion-análaíonn tú an cóicín, d’fhéadfá dochar buan don taobh istigh den tsrón. Bíonn dochar á dhéanamh don chroí agus do na scamhóga mar thoradh ar úsáid cóicín, agus d’fhéadfá bás a fháil ó thaomanna croí nó ó théachtáin fhola ag eascairt ó dháileoga arda. Má chaitheann tú an cóicín le halcól bíonn méadú ar riosca taom croí agus báis. Má itheann tú an cóicín, féadtar dochar a dhéanamh d’fhíochán na putóige. D’fhéadfaí go mbeadh dúlagar dian i ndiaidh an duine a bheith ar na ribí, agus d’fhéadfaí go ndéanfadh an duine iarracht lámh a chur ina bhás féin dá bharr. I gcás úsáid ar bhonn fadtéarmach nó i gcás úsáid ragúis, d’fhéadfadh na sceitimíní a thagann leis an chóicín a bheith ina gcúis le míshuaimhneas, le cailliúint codlata agus le cailliúint meáchain. Bíonn síocóis pharanóideach ag roinnt daoine agus d’fhéadfaidís a bheith foréigneach. D’fhéadfaí go mbeifeá ag iarraidh an druga a chaitheamh an t-am ar fad, de bharr na dúile láidre i gcóicín, go háirithe cnagchóicín, agus seans nach mbeifeá ábalta d’úsáid a rialú.


Amfataimíní

Ar na hainmneacha béarlagair tá Luasóg, Speed, Whizz, Ardóga, Uppers.

Amfataimíní

Is grúpa drugaí spreagthacha iad amfataimíní, ar bhaintí úsáid as cuid acu san am atá thart mar tháibléid tanaithe. Is púdar bán-liath de ghnáth iad, agus díoltar i bpacáistí de pháipéar fillte iad ar a dtugtar wraps. Slogtar de ghnáth iad, ach is féidir iad a instealladh nó a ion-análú aníos tríd an tsrón fosta. Is féidir cineál ar a dtugtar ice nó crystal a chaitheamh.

Iarmhairtí – Bíonn na hiarmhairtí ag brath ar an bhealach a chaitear an druga. Mothaíonn tú níos airdeallaí agus níos fuinniúla de bharr miondáileoga tríd an bhéal. Bíonn flosc pléisiúir ann má chaitheann tú dáileoga níos airde tríd an druga a instealladh nó a chaitheamh. Bíonn ragús ag roinnt úsáideoirí luasóige agus bíonn siad róghníomhach agus cainteach.

Fo-iarmhairtí – Mar aon le drugaí spreagthacha eile, bíonn cliseadh ag úsáideoirí i ndiaidh dóibh bheith ar na ribí de bharr an druga. D’fhéadfaí go mbeadh scaoll, paranóia agus siabhránacht mar thoradh ar dháileoga arda amfataimíní. I gcás úsáide fadtéarmaí, is féidir riocht ar a dtugtar ‘síocóis amfataimíní’ a fháil, le hairíonna atá cosúil leis an scitsifréine. D’fhéadfá éirí foréigneach de bharr an pharanóia má chreideann tú go bhfuil tú faoi bhagairt nó faoi ghéarleanúint.

Rioscaí – D’fhéadfaí go mbeadh síocóis amfataimíní ag daoine i ndiaidh dóibh éirí as úsáid an druga. Má éiríonn tú ionsaitheach nó foréigneach, d’fhéadfá trioblóid chontúirteach a tharraingt ort féin. Bíonn na rioscaí a bhaineann le hinstealladh an druga mar an gcéanna leis na drugaí eile, amhail an hearóin.


Tuaslagóirí

Ar na hainmneacha béarlagair tá bolaíocht gliú agus glue sniffing.

I measc na dtuaslagóirí tá táirgí a bhíonn sa chuid is mó de bhailte, amhail gliúnna, caolaitheoir péinte, glantóir vearnais ingní, breoslaí lastóra agus spraeanna aerasóil amhail díbholaígh. Ion-análaítear iad as ceirt nó as muinchille cóta a maothaíodh, nó díreach as buidéal. Spraeáltar aerasóil díreach isteach sa bhéal. Bíonn mí-úsáid tuaslagóirí níos coitianta i measc déagóirí. I gcás an chuid is mó de dhéagóirí is faisean é a imíonn i ndiaidh tamaill bhig, ach d’fhéadfaí go mbeadh sé freagrach as fadhbanna móra ar scoil agus sa bhaile.

Iarmhairtí – Nuair a ion-análaítear tuaslagóirí, bíonn úsáideoirí ‘ar na ribí’ nó bíonn ‘buzz’ acu, mothúchán atá cosúil le bheith ar meisce. Téann na hiarmhairtí i léig faoi cheann leathuaire de ghnáth. D’fhéadfadh cuma ólta bheith ort, le caint leata, siúl tuisleach, scig-gháire agus easpa smachta, agus d’fhéadfadh tuirse bheith ort ina dhiaidh.

Fo-iarmhairtí – D’fhéadfaí go gcuirfí isteach ar do bhreithiúnas agus d’fhéadfá éirí ionsaitheach. Bíonn siabhránacht, urlacan agus dímheabhair coitianta fosta. Bíonn tinneas póite ann i ndiaidh úsáide de ghnáth, le tinneas cinn agus deacrachtaí meabhrach.

Rioscaí – Is annamh a fhaigheann duine bás de bharr mí-úsáide tuaslagóirí ach is féidir bás a fháil ar chúiseanna éagsúla agus is féidir leis tarlú ar an chéad úsáid. Is mó seans go mbeidh timpistí ag daoine a bhíonn faoi thionchar tuaslagóirí. D’fhéadfaí go dtachtfaí nó go bplúchfaí thú fosta - leis an tuaslagóir féin a spraeáltar isteach sna scamhóga, le d-urlacan féin nó leis na rudaí a úsáidtear chun cuidiú leat an tuaslagóir a ion-análú. Bíonn cuid mhór tuaslagóirí freagrach as cliseadh croí freisin.


LSD

Ainm béarlagair Aigéad nó Acid.

LSD

De ghnáth is táibléid bhídeacha iad LSD ar a dtugtar ‘poncanna’ nó ‘dots’ nó ‘táib’ nó ‘tabs’, táibléid a bhíonn i nó ar chearnóga beaga páipéir nó cairtchláir. Bíonn pictiúir nó lógónna ar na táib de ghnáth. Slogtar siar iad.

Iarmhairtí – Is druga siabhránach é LSD. Bíonn ‘truip’ nó ‘trip’ ag úsáideoirí thart ar uair i ndiaidh dóibh táb a chaitheamh, agus bíonn cosúlacht dhifriúil ar an timpeallacht, agus bíonn cuma bhréagach nó mhínormálta ar dhathanna, ar fhuaimeanna agus ar rudaí. D’fhéadfaí físeanna a bheith agat agus guthanna a chluinstin i rith ‘truipe’, agus bíonn cuma ar rudaí go bhfuil an t-am ag moilliú nó ag luathú. D’fhéadfaí go mairfeadh iarmhairtí thart ar 12 uair.

Fo-iarmhairtí – Bíonn sé deacair a mheas an cineál truipe a bheidh ag úsáideoirí. I gcás drochthruipe is féidir go mothaíonn daoine scanraithe, go bhfuil siad ag cailleadh smachta, go bhfuil siad ag dul as a meabhair nó ag fáil bháis. Is mó seans go dtarlóidh drochthruip má tá tú imníoch nó má tá dúlagar ort cheana féin sula gcaitheann tú an druga.

Rioscaí – D’fhéadfadh tinneas intinne bheith mar iarmhairt ar dhrochthruip i gcás roinnt daoine. D’fhéadfaí go mbeadh dea-thruipeanna contúirteach fosta, mar shampla má chreideann tú go bhfuil eitilt agat nó go bhfuil tú ábalta siúl ar uisce. D’fhéadfaí go mbeadh spléachtaí siar agat freisin sna seachtainí agus sna míonna i ndiaidh truipe, ina mothaíonn tú go bhfuil tú ar an thruip sin arís ar feadh achair ghairide. Bíonn na spléachtaí siar seo anacrach go minic.
Is beacáin siabhránacha iad beacáin draíochta a bhíonn ag fás go nádúrtha. Is féidir iad a ithe go hamh nó cócaráilte, nó is féidir tae a dhéanamh díobh. Bíonn iarmhairtí beacán draíochta comhchosúil le truip LSD atá níos míne agus níos giorra. Dála LSD, d’fhéadfaí go mbeadh drochthruipeanna agat agus d’fhéadfaidís bheith scanrúil. Tá riosca ann fosta go n-íosfá beacáin nimhiúla de mheancóg, agus tú ag déanamh gur beacáin draíochta iad.

Share this:
  • Facebook
  • Twitter
  • Digg
  • Del.icio.us
  • LinkedIn
  • E-mail
Live HelperCabhróir Beo
Is é an ról atá againn cúnamh a thabhairt.
Cuireann an tseirbhís Cabhróir Beo duine ar fáil duit chun labhairt leo.
Seirbhís shlán agus faoi rún é seo – ní bheidh fhios ag an mball foirne cé tú féin – agus níl aon chostas ann duitse, úsáideoir na seirbhíse. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach i mBéarla amháin.

Seol Cabhróir Beo »
Services Seirbhísí
Déan cuardach do sheirbhísí a bhaineann le drugaí agus alcól
Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na tíre a bhaineann le drugaí agus alcól.
Déan cuardach anois do sheirbhísí Comhairleoireachta, Oideachais & Oiliúna, Eolais agus Tacaíochta agus Cóireála agus Athshlánúcháin.

Cuardaigh Seirbhísí