Cén fáth a mbíonn daoine ag úsáid drugaí?
Úsáideann daoine éagsúla drugaí difriúla ar chúiseanna éagsúla.
- B'fhéidir go mbainfeá triail as drugaí mar go bhfuil tú fiosrach, mar go bhfuil do chairde á dhéanamh, nó mar fhaoiseamh ó leadrán nó ábhair imní.
- B’fhéidir go dtógfaidh tú drugaí áirithe chun an bealach a n-airíonn tú a athrú.
- B’fhéidir go bhfuil tú den tuairim gur píosa spraoi atá ann, nó go bhfuil sé sa bhfaisean.
B’fhéidir go leanfá ar aghaidh le húsáid druga toisc go mbaineann tú sult as, nó as siocair gur cuid den saol sóisialta nó den chultúr é. Tugtar úsáid drugaí ‘ar bhonn caithimh aimsire’ air seo go minic.
In amanna, d’fhéadfadh úsáid drugaí bheith ina cuid thábhachtach de do shaol. D’fhéadfadh sé sin bheith amhlaidh mar gheall ar fhadhbanna mothúchánacha, síceolaíocha nó sóisialta atá agat. D’fhéadfaí go mbeadh andúil nó spleáchas agat mar thoradh ar dhrugaí áirithe, i gcás go gcailleann tú smacht ar úsáid an druga agus go mbraitheann tú nach féidir leat feidhmiú gan é.
Úsáideann daoine áirithe níos mó ná cineál amháin druga ag an aon am – tugtar ‘úsáid poladruga’ air seo. D’fhéadfaí go mbeadh meascadh drugaí contúirteach toisc go mbíonn na hiarmhairtí agus na fo-iarmhairtí curtha le chéile. Cuimsítear air seo meascadh drugaí mídhleathacha le drugaí dleathacha dála alcól nó cógais. Mar shampla, má ólann tú alcól le cóicín bíonn níos mó riosca ann go mbeidh rithimí neamhrialta croí, taomanna croí agus an bás féin i ndán duit.
Níl aon fhreagra simplí ar na fadhbanna a bhfuil úsáid drugaí ina n-údar orthu, ach nuair atá na fíricí agat beidh sé níos éasca déileáil le saincheisteanna a bhaineann le drugaí.