Cad atá i gceist againn agus muid ag labhairt ar úsáid drugaí?
Bíonn daoine ag úsáid a lán cineálacha éagsúla drugaí. D’fhéadfadh na drugaí seo a bheith dleathach nó mídhleathach, d’fhéadfaidís a bheith ina gcuidiú nó dochar a dhéanamh. Baineann fo-iarmhairtí agus rioscaí le gach druga, ach bíonn níos mó riosca i gceist le drugaí áirithe, go háirithe drugaí mídhleathacha.
D’fhéadfaí go n-éireodh úsáid drugaí ina fadhb ag brath ar roinnt fachtóirí. Seo iad na fachtóirí sin:
Cad é an druga a úsáidtear
Cé atá ag úsáid an druga (go háirithe giúmar agus pearsantacht an duine)
Cad chuige a bhfuil an duine sin ag úsáid an druga
Cá háit agus
Cén dóigh a bhfuil an duine sin ag úsáid an druga
Cothaíonn drugaí difriúla fadhbanna éagsúla do dhaoine éagsúla. Bíonn réitigh éagsúla de dhíth ar na fadhbanna seo. Le teacht ar thuiscint ar an fhadhb, caithfidh go mbeadh a fhios agat faoina bhfuil ag tarlú i saol an duine atá ag úsáid an druga chomh maith leis an druga atá á úsáid ag an duine sin.
Is iad na drugaí mídhleathacha is coitianta a úsáidtear ná cannabas, eacstais, hearóin agus cóicín.