Nuair atá an t-ólachán ina fhadhb
Ólachán mar fhadhb
I measc na gcomharthaí luatha a thugann le fios go bhfuil an t-ólachán ina fhadhb ag duine, áirítear na cinn seo a leanas:
- a bheith ag ól níos sciobtha ná gach duine eile
- a bheith ag ól chun déileáil le fadhbanna
- gan a bheith in ann éirí as an ól i ndiaidh duit tosú ag ól
- a bheith in ann neart alcóil a láimhseáil – ólann tú neart sula n-airíonn tú go bhfuil tú ólta
- gan a bheith in ann cuimhneamh nó díth meabhrach
- deoch a bheith ag teastáil uait an chéad rud ar maidin chun tús a chur leis an lá
- a bheith ag ól deochanna dúbáilte i ngan fhios d'aon duine eile nó a bheith ag ól tuilleadh go rúnda
- a bheith ag aireachtáil ciontach tar éis duit a bheith ag ól
Má aithníonn tú aon cheann de na comharthaí thuas, ba cheart duit machnamh a dhéanamh ar roinnt comhairle a fháil. Cliceáil anseo chun eolas a fháil faoin gcúnamh atá ar fáil.
Má ólann tú go leor nó má cheapann tú go bhféadfá a bheith spleách ar alcól, d’fhéadfadh sé a bheith contúirteach athruithe móra a dhéanamh do do chuid ólacháin gan tacaíocht leighis a fháil.
An bhfuil imní ort faoi dhuine eile?
An bhfuil imní ort faoi na gnásanna ólacháin atá ag duine atá gar duit?
- An bhfuil atmaisféar teannasach agus míshuaimhneach sa mbaile mar gheall ar ólachán an duine sin agus ar an gcaoi a ndéileálann tú leis?
- An bhfuil faitíos ort roimh íde béil nó mí-úsáid chorpartha nuair atá siad ag ól?
- An bhfuil tú ag iarraidh a gcuid ólacháin a choinneáil faoi smacht?
- An bhfuil tú ag glacadh freagrachta as torthaí a gcuid ólacháin, mar shampla ag íoc billí, ag déanamh breis oibre chun an t-airgead atá caite ar ól a dhéanamh ar ais, ag déanamh leithscéalta dá n-iompar?
Ní mor na nithe seo a leanas a bheith ar eolas agat:
- Ní féidir leat patrún ólacháin duine eile a rialú
- Ní tusa an t-údar atá ag duine eile a bheith ag ól
- Níl tú freagrach as ólachán duine eile
- Ní féidir leat fadhb óil duine eile a leigheas
Ach...Is féidir leat cúnamh agus tacaíocht a fháil duit féin le linn an ama deacair seo. Cuir tú féin ar an eolas faoin gcúnamh atá ar fáil.