Cén fáth go mbeifeá ag ól níos lú?
Is iad seo na torthaí a bheidh ann má ólann tú níos lú:
- tá níos lú seans ann go mbeidh póit ort
- beidh níos mó spraoi agat
- ní bheidh an méid céanna aiféala ort
- beidh níos mó smachta agat
- ní bheidh an méid céanna argóintí agat
- beidh níos mó airgid agat
- tá níos lú seans ann go mbeidh gnéas neamhphleanáilte nó neamhchosanta agat
- tá níos lú seans ann go n-éireoidh tú torrach nuair nach bhfuil tú ag iarraidh a bheith torrach
- tá níos lú seans ann go mbeidh fadhbanna agat san ae, nó ailse nó fadhbanna sláinte eile
Druga é alcól a ionsúitear ón mbolg isteach go dtí an sruth fola. Athraíonn druga an chaoi a mbíonn an cholainn ag feidhmiú; imríonn sé tionchar ar an intinn, an cholainn agus ar mhothúcháin an duine. Tá éifeacht ag alcól ar lárchóras na néaróg. Fágann sé seo go n-imríonn sé tionchar ar ár gcuid anála agus ár gcroíráta, chomh maith leis an gcaoi a mbíonn muid ag smaoineamh, ag mothú, ag aireachtáil mar aon leis an gcaoi a n-iompraímid muid féin. Ceapann go leor daoine gur druga spreagthach é alcól mar go mbímid níos aeraí nó níos meidhrí nuair a bhíonn sé ólta againn. Ach níl sé sin fíor. Dúlagrán atá in alcól.
Tá baint idir níos mó alcóil a ól agus ardú in ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha. Déan cuairt ar yoursexualhealth.ie chun eolas a fháil faoin gcaoi cosaint a thabhairt duit féin.
Leideanna chun níos lú a ól
An bhfuil tú ag dul amach anocht? Seo roinnt leideanna faoin gcaoi níos lú a ól.
- Ná bí ag ól alcóil sula dtéann tú amach
- Ceannaigh deochanna níos lú – bíodh gloine agat in áit pionta, nó ceann singil in áit ceann dúbáilte
- Leag síos do ghloine idir súimíní
- Fan tamaillín sula bhfaigheann tú deoch eile
- Bíodh gloine uisce agat nó bain triail as roinnt beoracha atá saor ó alcóil, as lágar nó manglaim idir deochanna meisciúla.
- Bí gníomhach – bí ag imirt púil, ag damhsa nó ag comhrá.
- Déan iarracht gan a bheith páirteach i gcur deochanna – nó mura bhfuil tú in ann cur deochanna a sheachaint, ceannaigh deoch neamh-mheisciúil duit féin nuair is é do sheal é.
- Ná bí ag imirt cluichí ólacháin.
Miosúir sa bhaile
Tá an claonadh ann go mbíonn miosúir sa bhaile i bhfad níos mó ná na cinn a bhíonn sa teach tábhairne. Má thairgeann duine deoch duit agus tú ar cuairt, bain triail as buidéal nó canna in áit miosúr biotáille. Fágann sé sin go mbeidh se níos éasca súil a choinneáil ar an méid atá á ól agat.
Bíodh do chuid teorainneacha féin ar eolas agat
Más duine macánta tú, a luaithe is a thosóidh tú ag cailleadh smacht ort féin, nó a bheith á d’iompar féin ar bhealach éagsúil, beidh fhios agat é. Ba cheart go mbeadh sé mar phríomhaidhm agat gan níos mó ná seo a ól.