Alcól agus toircheas
Níl aon leibhéal sábháilte aitheanta d’úsáid alcóil le linn toirchis – mar sin, is é an cur chuige is fearr ná éirí as ar fad.
Má tá sé ar intinn agat éirí torrach, ní mór duit na rudaí seo a leanas a bheith ar eolas agat:
- tá ólachán trom in ann a bheith ina údar d’éagumas agus d’fhadhbanna torthúlachta d’fhir agus do mhná
- foirmítear baill is tábhachtaí naíonáin – a gcroí, inchinn agus cnámharlach – idir an chéad 10-50 lá den toircheas
Cosnóidh tú do naíonán má laghdaíonn tú an méid alcóil a ólánn tú nuair atá tú ag iarraidh éirí torrach, nó má éiríonn tú as ar fad. Cuirfidh tú do naíonán i bpriacal má leanann tú ag ól nuair atá tú torrach, fiú nuair nach bhfuil i gceist ach méideanna beaga. A mhéid a ólann tú is ea is mó a chuirtear ar aghaidh ag do naíonán.
- má ólann tú níos mó ná 3 dheoch in aghaidh an lae, méadaíonn sé an riosca go mbeidh breith anabaí ann,
- má ólann tú níos mó ná 12 deoch in aghaidh na seachtaine, méadaíonn sé an riosca go mbeidh breith réamhaibí ann
- tá rioscaí ar leith ag baint le ragúis óil
Tá ólachán sa chéad trí mhí den toircheas in ann a bheith ina údar do shiondróm alcóil féatais. Is é an toradh a bheidh air seo go mbeidh fadhbanna tromchúiseacha ann d'fhorbairt do naíonáin agus dá bhaill uile. Bíonn inchinn do naíonáin i mbun forbartha i rith an toirchis ar fad. Má ólann tú i rith an dara agus an tríú trí mhí, d'fhéadfadh sé a bheith ina údar do Neamhord Néar-Fhorbartha atá bainteach le hAlcól, go mórmhór mar go dtarlaíonn an méid is mó d’fhás na hinchinne sa trí mhí deireanach, agus leanann sé ar aghaidh ansin go dtí go mbeidh an naíonán dhá bhliain d’aois.
Tá an seans ann nach dtabharfar faoi deara na héifeachtaí atá ag ólachán le linn toirchis go dtí go mbeidh do naíonán cúpla bliain d’aois. Is minic go mbíonn easnamh airde agus hipirghníomhaíocht ag leanaí a raibh a máithreacha ag ól nuair a bhí siad ag súil leo.